ar
(Prep Simp)

Is ar oileán Thoraigh a bhí a dhún ag Balor. 🔊

gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊

Ceann ar cheann bhain Balor na clúdaigh shúil. 🔊

Ba dia é Balor ar mhuintir na Fothmhuire. 🔊

Dream a tháinig ó íochtar na farraige isteach ba ea na Fothmhuireáin agus dheinidís creach agus círéib ar thailte na hÉireann. 🔊

raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir í i ndún sa Tor Mór, an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊

D'fhás Ethniú suas ina girseach chaoin álainn nár leag súil ar fhear riamh. 🔊

Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, Mac Ceannfhaola. 🔊

Phléasc Mac Sambthainn le teann feirge agus chuir gach mallacht faoin spéir ar a dheartháireacha. 🔊

Port na Glaise Poirtín Ghlais atá fós ar an bport inar tugadh an bhó isteach ar an oileán. 🔊

Chuaigh Mac Ceannfhaola chuig an Draoi le féachaint an mbeadh aon seans aige an bhó a fháil ar ais. 🔊

Dúirt an Draoi leis nach bhfaigheadh ar ais go brách í fad a bhí Balor beo. 🔊

Bheadh eagla ar aon duine dul in aice le Balor ar eagla go leagfadh súil orthu. 🔊

Bhí eagla ar na buimí an t-eiteach a thabhairt do bhean de mhuintir na agus scaoileadh isteach iad. 🔊

Thug Birage Mac Ceannfhaola amach arís agus ar ais go dtí an mhórthír. 🔊

Chuaigh duine acu go tóin poill láithreach ach fuarthas an bheirt eile ar ais. 🔊

Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug athair é. 🔊

Chuir seisean ar altranas go dtí a dheartháir Gabhida é mar ar múineadh ceird na gaibhneachta . 🔊

Ar a chlos sin bhailigh chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊

Rug duine de na laochra greim gruaige air, duine eile greim láimhe agus an tríú duine greim coise agus síneadh é thar chloch mhór mar ar bhain Balor an cloigeann de le haon bhuile amháin shleá. 🔊

Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊

Tar éis Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊

D'éirigh Balor an-cheanúil ar an stócach óg. 🔊

amháin tháinigh Balor go dtí an ceárta agus thárla go raibh Gobniú ar shiúl ag an am. 🔊

D'fhan an stócach lena sheans agus nuair a bhí droim Bhalor leis chuir iarann dearg te go feirc trína shúil ar chúl a chinn agus amach trína shúil nimhneach. 🔊

Thit Balor ina phléist ar an láthair agus dhoirt a chuid fola amach trína shúil go ndearna loch de. 🔊

Tugtar an Gleann Nimhneach ar an áit go fóill. 🔊

Frequency index

Alphabetical index